Hebrews 9:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar a shon so as eision eirdirmheadhontóir an chonnartha nuáidh, ionnas trés an mbás, do fhulaing sé chum fúasgluighthe na sáruighthe do bhí sa gcéudchonnradh, go bhfuighedís an dream atá ar na ngairm geallamhuin na hoighreachda síorruidhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ar an adhbhar sin is idirmheadhóntóir connartha nua é, ar mhodh, de bhárr an bháis i n‐éiric ár gcionnta, do bhí fá’n gcéad chonnradh, go bhfaighidh na daoine do glaodhadh geallamhain na h‐oidhreachta síorraidhe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhrí sin de is idirghabhálai cúnaint úrnua é, ionas go bhfaighe an dream ar glaodh chuige iad seilbh ar an oidhreacht shíorai atá geallta, de bharr báis a tharla, á bhfuascailt ó na cionta inar sháraigh siad an chéad chúnant.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idirghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaigheadh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idir-ghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaighidh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha.