Hebrews 9:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír an tan do labhair Máoise na huile aitheanta ris an bpobal uile réir an reachda, ar nglacadh fola láodh agus gabhar dhó, maille ré huisge, agus ré holuinn phurpair, agus ré híosóip, do chraith sé í ar an leabhar, agus ar an bpobal uile mar an gcéudna;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir nuair do bhí an uile aithne fógartha ag Maois do’n phobal do réir an dlighe, do ghlac sé cuid d’fhuil na laogh agus na ngabhar i n‐éinfheacht le h‐uisce, agus le h‐olainn chraoraigh, agus le h‐iosóip, agus do chroith sé ar an leabhar féin,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar sin nuair a bhí gach aithne den dlí fógartha don phobal uile aige, ghlac Maois fuil gamhna agus gabhar, in éineacht le huisce agus olann chraorag agus íosóip, gur chroith í ar an leabhar féin agus ar an bpobal uile,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is amhlaidh a d' fhógair Maois na haitheanta go léir don phobal uile ar dtús faoi mar a bhí siad scríofa sa dlí. Ansin thóg sé fuil na laonna (agus na ngabhar) agus uisce agus chroith sé ar an Leabhar féin iad agus ar an bpobal uile le holann chraorag agus le híosóip,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is amhlaidh a dʼfhógair Maois na haitheanta go léir don phobal uile ar dtús faoi mar a bhí siad scríofa sa dlí. Ansin thóg sé fuil na laonna agus na ngabhar agus uisce agus chroith sé ar an Leabhar féin iad agus ar an bpobal uile le holann chraorag agus le híosóip,