Hebrews 9:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do tógbhadh an tabernacail; ann a raibh sa gcéud iosdadh dhe, an coinnleóir, agus an bórd, agus arán na fíadhnuise; ré ráidhtear náomhtha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir do bhí tabernacal curtha i gcóir, an chéad phailliún, ar a dtugtar an Naomh‐Áit, mar a raibh an coinnleoir, agus an bórd, agus arán na toirbhirte.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar feistíodh pailliún, an pailliún ab fhaide amach, ina raibh an crann solais agus an bord agus arán na Toirbhirte; is é a ghairtear de sin an Áit Naofa.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is amhlaidh a cuireadh both suas, an chéad chuid den sanctóir. Istigh inti bhí an coinnleoir agus an bord agus builíní na fianaise. Tugtar an Áit Naofa ar an áit sin.