Hebrews 9:24 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír ní dheachuidh Críosd a steach don naóimhiosdadh do rinneadh ré lámhuibh, noch bá heisiompláir do na hiosdadhuibh fírinneach; achd go flaitheamhnas féin, chum é féin do thaisbéunadh a nois a bhfíadhnuise Dé air ar soinne:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir ní isteach i n‐áit naomhtha do rinneadh le lámhaibh do chuaidh Críost, áit nach bhfuil acht ’n‐a shompla de’n naomh‐áit fhírinnigh; acht isteach ins na flaitheasaibh féin, chum go bhfaighfidhe é anois i láthair Dé ar ár son‐sa:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar ní i sanctóir lámhdhéanta atá ina mhacasamhail ar an sanctóir fírinneach a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin, eisean atá á thaispeáint féin thar ár gceann os comhair ghnúis Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idirghuí ar ár son i láthair Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir ní isteach i sanctóir lámhdhéanta nach raibh ann ach samhail den fhíorshanctóir a chuaigh Críost, ach isteach sna flaithis féin mar a bhfuil sé anois ag déanamh idir-ghuí ar ár son i láthair Dé.