Hebrews 9:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
(Oír mar sin bá héigean dó páis dfulang do minic ó thús an domháin: achd a nois do foillsigheadh é éun uáir amháin a ndeireadh an tsáoghail, chum an pheacuidh sgrios tré na iodhbairt féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
san gcás sin dob’ éigean dó fulang go minic ó cuireadh an domhan ar suidheachan: acht anois, an t‐aon uair amháin, i ndeireadh na n‐aois do foillsigheadh é chum deireadh do chur leis an bpeacadh, g‐á íodhbairt féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
mar dá mbeadh sin amhlaidh bheadh air na mílte bás a fhulaingt ó bhunú an domhain go dtí anois. Ach mar atá an scéal, tá sé tar éis a nochtadh dúinn in earr na haoise den aon uair amháin leis an bpeaca a chur ar ceal leis an íobairt a rinne sé de féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir dá mb' amhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t-aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir dá mbʼamhlaidh a bhí an scéal, bheadh air páis a fhulaingt arís agus arís eile ó chruthú na cruinne amach. Ina ionad sin, is amhlaidh atá sé tar éis teacht ar an saol sa ré dheiridh seo an t-aon uair amháin ar fad chun na peacaí a chur ar ceal trína íobairt féin.