Hebrews 9:5 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ós cionn na háirce do bhádar na cherubíni glórmhar ag cur sgátha ar fholách na háirce; neithe ar nach féidir leam labhairt fó leith a nois.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus os a chionn sin cerúbím na glóire, go raibh a scáth mar chlúdach ar chathaoir na trócaire; acht ní féidir linn labhairt ’n‐a dtaobh sin fá leith anois.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus os cionn na hÁirce bhí cearúibím na glóire a raibh cathaoir na trócaire faoina sciatháin. Ach ní féidir linn anois bheith ag cur síos go mion air seo uile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Os a cionn bhí na ceiribíní glórmhara agus a sciatháin leata amach os cionn chathaoir na trócaire. Ach ní hé seo an t-am chun miontuairisc a thabhairt ar na nithe sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Os a cionn bhí na ceiribíní glórmhara agus a sciatháin leata amach os cionn chathaoir na trócaire. Ach ní hé seo an t-am chun miontuairisc a thabhairt ar na nithe sin.