Hosea 10:11 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus is láogh do múineadh Ephraim, agus gradhuighidh sé an tarbhar do shaltairt síos; acht dimthigh misi tair a muineal breágha: do bhéara mé air Ephraim marcuigheachd do dhéanamh; treabhochuidh Iúdah, agus brisfidh Iácob a fhóide.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Budóg dhea-riata ba ea Eafráim, ar bhreá léi bheith ag bualadh arbhair; mise a chuir cuing ar a muineál álainn. Is ea, ghléas mé Eafráim chun treafa, agus Iacób chun fuirste.