Hosea 4:13 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Iodhbruid síad air mhúlluighibh na slíabh, agus loisgid túis air na cnocaibh, fáoi dhairghibh agus phoblar agus shleamhán, do bhrígh gur mhaith a scáithsin: uimesin do dhéanuid bhur ninghiona stríopachus, agus do dhéanuid bhur mná pósta adhaltranas.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar mhullaí na sléibhte ofrálann siad íobairtí, agus dónn siad túis ar na beanna faoin dair agus faoin stóracs agus faoin teiribint, mar gur taitneamhach a scáth. Is dá dheasca sin a théann bhur n-iníonacha le striapachas, agus a dhéanann mná céile bhur mac adhaltranas.