Isaiah 11:4 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Acht lé firéantachd bhreithneochuidh sé na boichd, agus aithbheoruidh sé le comhthrom ceannsuighthe na talmhan: agus buáilfidh sé an talamh le slait a bhéil, agus lé hanáil a phuisineadh mhuirfeas sé na cionntoigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t-anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t-urchóideach.