Isaiah 11:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Coimhneochuidh an mactíre fós a bhfochair an lubháin, agus luighfidh an líopard síos ag an meannán; agus an gamhuin agus an leomhan óg agus an teallach méith a bhfochair a chéile; agus tréorochuidh leanabh beag íad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá an mac tíre ina chónaí leis an uan, an pantar sínte le taobh an mheannáin ghabhair; tá an gamhain agus an coileán leoin ar marthain in éineacht agus gasúr óg á mbuachailleacht.