Isaiah 14:13 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír a dúbhairt tú ann do chroidhe, Eireochuidh mé súas go flaitheamhnus, áirdeochaidh mé mo chathaoir ós cionn réulta Dé: suighfidh mé fós ar shlíabh an chomhchruinnighthe, ar thaobhuibh an tuáisgeirt:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhítheá á rá leat féin i do chroí: «Dreapfaidh mé go barr na bhflaitheas; os cionn réaltaí Dé a thógfaidh mé mo chathaoir ríoga. Suífidh mé ar an sliabh mar a mbailíonn na déithe i ndáil chomhairle in iargúil an tuaiscirt i gcéin.