Isaiah 14:29 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Ná gáirdighsi, uile a Phalestína, do chionn gur briseadh slat an té do bhuáil thu: óir tincfa cocaitrís amach as fréimh na naithreach nimhe, agus biáidh a thoirrchios na naithreach theinntighe eitealluigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná bíodh gairdeas ortsa, a Fhilistía go léir, de bharr gur briseadh an bata a bhíodh do do léasadh, óir as pór na péiste tiocfaidh nathair, agus a thoradh sin arís, beidh ina dhragan sciathánach.