Isaiah 19:1 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ualach na Hégipte. Féuch, atá an TIGHEARNA ag marcuigheachd ar néull lúath, agus tiucfa don Négipt: agus áthrochthar iodhail na Hégipte le na fhaicsin, agus leighfidh croidhe na Hégipte iona lár.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.