Isaiah 27:13 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tiucfa a ccrích annsa ló sin, go séidfighthear stoc mór, agus tiucfuidh an drong do chuáidh seachad a ttír na Hassíria, agus do dhíbearthuigh a ccrích na Hégipte, agus adhoruid an TIGHEARNA annsa tslíabh náomhtha ag Ierusalem.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An lá sin, séidfear an stoc mór agus tiocfaidh siad siúd a bhí caillte i dtír na hAsaíre agus iad siad a díbríodh go críocha na hÉigipte, agus adhrfaidh siad an Tiarna ar an sliabh beannaithe in Iarúsailéim.