Isaiah 28:22 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Anois ar a nadhbharsin na bíthíse bhur luchd magaidh, deagla go ndéantaoi bhur ccuibhrighthe láidir: óir do chúala mé ón Dtighearna DIA na slógh aidhmhilleadh, ar na thionnscnadh ar an ttalamh go hiomlán.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá bhrí sin, scoirigí den ábhacht, ar eagla go dteannfaí bhur gcuibhreacha oraibh; óir chuala mé anois scrios na tíre go hiomlán á fhógairt thar ceann an Tiarna Dia na Slua.