Isaiah 28:7 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Acht do sheachránadarsan fós tré fhíon, agus tré dhigh láidir atáid as a tslighe; do sheachráin an sagart agus an fáigh tré dhigh láidir, do sluigeadh súas íad lé fíon, atáid as a tslighe tré dhigh láidir; seachránuid a bfis, oilbhéimid a mbreitheamhnus.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá siad siúd ag stangaireacht faoi oibriú an fhíona, tá siad ar seachrán ag an bpóit. Tá meadhrán sna sagairt agus sna fáithe le barr dí, tá mearbhall orthu le fíon; tá siad ar seachrán ag an bpóit, tá siad ag stangaireacht agus ag aislingíocht, tá siad ag tuisliú agus iad ag tabhairt a mbreithiúnas.