Isaiah 29:8 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Is amhluigh bhías a nuáir aislingios duine ocrach, agus, féuch ithidh se; acht múscluigh sé, agus bí a anam folamh: nó mar aislingios duine tartmhar, agus, féuch, ibhidh sé; acht múscluidh sé, agus, féuch, bí sé lag, agus bí míangus air a anam: marsin bhías iomadamhlachd na nuile chineadheach, noch throidios a naghaidh shléibhe Síon.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Amhail duine ocrach a dhéanann brionglóid go bhfuil sé ag ithe, músclaíonn sé agus a bholg folamh; nó duine tartmhar ag brionglóideach go bhfuil sé ag ól, músclaíonn sé go fannlag agus é spallta; is amhlaidh a bheidh le sluaite na gciníocha a chuireann comhrac ar shliabh Shíón.