Isaiah 30:1 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Amhairg don chloinn cheannairgidh, a deir an TIGHEARNA, ghabhus comhairle, agus nach uáimse; agus fholchas lé folach, achd ní lé mo spioraidsi, iondus go ccuirfidis peacadh a gceann peacaidh:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is mairg do chlann na ceannairce! briathar an Tiarna é seo. Tá beart á chur i bhfeidhm acu nach liomsa é, ag snaidhmeadh páirtíochta nár shéid m' anáilse fúithi, ionas go bhfuil cion sa mhullach ar chion á charnadh acu.