Isaiah 30:14 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus brisfe sé é amhuil briste soithighe a nuisge bhristior na bhlodhuibh; ni choigeola sé: ionnus nach bhfuighthear iona bhriseadh píosa le a mbéarthaói teine on teallach, nó leis a ttiubharthaói uisge as an log.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
a bhriseann ar nós soitheach potaire á smísteáil síos gan trua gan taise, ionas nach bhfuil le fáil sa chonamar oiread agus sligín a chorródh an tine ar an teallach nó a thaoscfadh uisce as an sistéal.»