Isaiah 34:4 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus cuirfighear ó chéile uile shlúagh nimhe, agus crapfuighear na flaithis a ccionn a chéile amhuil scrola: agus tuitfidh a slúagh uile síos, mar thuitios an duille do nfineamhuin, agus amhuil fíge thuiteas don chrann fíge.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
tá slua na spéartha ar fad ag titim as a chéile. Tá na spéartha á gcornadh suas mar bheadh scrolla ann agus slua na reann ag feo, mar a bheadh craobhacha fíniúna ag feo, mar dhuilliúr feoite an chrann figí.