Isaiah 37:16 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
O a THIGHEARNA na slógh, Día Israel, noch áitreabhus edir na cherubínigh, is tu an Día, thúsa féin amháin, do uile rioghachdaibh na talmhan: is tú do rinne neamh agus talamh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«A Thiarna na Slua, a Dhia Iosrael, atá anseo i do shuí ríoga ar na ceiribíní, is tusa aon Dia ríochtaí an domhain ar fad, is tusa a rinne neamh agus talamh.