Isaiah 37:26 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Nach ccúalaidh tú fada ó shin, cionnus do rinne misi é; agus ó na seanaimsearuibh, ciondus do chum mé é? agus a nois do chríochnuigh mé é, chor go mbeithéasa ag déanamh fásaidh do chaithreachaibh daingne na ccárnuibh folmha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An ea nár chuala tú? Fadó riamh a bhí sin leagtha amach agam; sna laethe anallód a bheartaigh mé é, anois tá sé á chur i gcrích agam. Ba é ba chinniúint duitse dúnbhailte a réabadh ina mollta conamair.