Isaiah 39:2 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí Heseciah lúathgháireach rompa, agus do thaisbéin sé dhóibh tigh a shéud mórluáigh, an tairgiod, agus an tór, agus na spíosra, agus a nola mhórluáigh, agus tigh a arm uile, agus a nuile ní dá raibh iona ionnmhusaibh: ní raibh aoinní ann a thigh, nó ann a thighearnus uile, nach ar thaisbéin Heseciah dhóibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ba mhór le Hiziciá sin agus thaispeáin sé do na teachtairí a státchiste, idir ór agus airgead, idir spíosra agus ola luachmhar, chomh maith lena armlann agus gach a raibh ina chuid stóras. Dada ní raibh ina phálás ná ina chríocha ar fad nár thaispeáin Hiziciá dóibh.