Isaiah 39:3 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Annsin tháinic Isaiah an fáidh gus an rígh Heseciah, agus a dubhairt ris, Cred a dubhradar na daóinesi? agus cáit as a ttangadar chugadsa? Agus a dubhairt Heseciah, Thangadar as tir imchéin chugam, eadhon ón Bhabilóin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin tháinig an fáidh Íseáia fá dhéin an rí Hiziciá agus d' fhiafraigh de: «Cad dúirt na daoine sin agus cá has ar tháinig siad go dtí tú?» D' fhreagair Hiziciá: «Tháinig siad ó thír i bhfad i gcéin, ón mBablóin.»