Isaiah 40:12 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Cía thomhais na huisgeadha a cclár a dhéarnainne, agus do dhírigh amach neamh lé réis, do chruinnidh luáithreadh na talmhan a miosur, agus do chomhthromuigh na sléibhte a gcomhthrom, agus na cnoic a sgála?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraige agus a leag amach na spéartha lena réise? a chruinnigh cré na talún i miosúr, a rinne na sléibhte a mheá sna scálaí agus na cnocáin in ainsiléad?