Isaiah 40:24 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Fós, ní planndochthar íad: fos, ní siolchuirfighear íad: fós, ní ghéabhuidh a mbun fréumh annsa talamh: agus séidfidh sé fós orra mar an ccéadna, agus críonfuid, agus béaruidh an gháoth ghuairdéain lé íad amhuil connlach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní luaithe beangán nó síol uathu i dtalamh, ní luaithe fréamh curtha síos ag a ngas ná séideann sé orthu. Seargann siad ar an toirt agus tugann an stoirm ar shiúl iad ar nós coinlín.