Isaiah 41:2 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cia thóg súas an fíréan ó noirthear? do ghoir chum a choise é, thug na cineadhacha dá lathair, agus thug air ríaghladh ós cionn ríghthe? thug sé íad amhuil luáithreadh dha chloidheamh, agus mar chonnlach teilgthe, dha bhogha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Cé a mhúscail é siúd as an Oirthear, a bhfuil an bua ag fáiltiú roimhe gach áit a dtriallann sé? Cé a thugann na ciníocha ar láimh dó agus a thugann béim síos do na ríthe os a chomhair? Déanann a chlaíomh deannach díobh agus scaipeann a bhogh iad ina gcoinleach cáite.