Isaiah 45:20 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Cruinnighidh sibh féin agus tigidh; láimh ré chéile, a dhrong do chuáidh as do na cineadhachaibh: ní bhfuil éolus ar bith ag an mhéid chuireas súas maide a níomháigheadh greanta, agus ghuidhios chum dé nach ccabhruighionn íad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bailígí timpeall, tagaigí, cruinnigí uile le chéile, sibhse a mhair de na ciníocha! Níl eolas ar bith acu siúd a bhfuil a n-íol adhmaid á iompar thart acu, ná acu siúd a bhíonn ag glaoch ar dhia nach bhfuil an slánú ar a chumas.