Isaiah 49:22 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Marso a deir an Tighearna DIA, Féuch, tóigfeadsa mo lámh súas chum na Ngeinteadh, agus cuirfiod bratach na seasamh don phobal: agus do bhéaraid síad do mhicsi leo iona lámhuibh, agus iomchoruid hingheana ar a nguáillibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna Dia: Seo chuige! Bagraím lámh ar na ciníocha agus cuirim suas mo mheirge le haghaidh na náisiún. Tabharfaidh siad do mhic ar ais chugat ina mbaclainn agus d' iníonacha ar a ngualainn.