Isaiah 49:5 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus a nois, a deir an TIGHEARNA chum ón mbroinn mé do bheith am sheirbhíseach aige, do thabhairt Iácob chuige a rís, Má atá nar cruinnigheadh Israel, thairis sin biáidh misi glórmhar a súilibh an TIGHEARNA, agus budh é mo Dhía mo neart.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí maise orm i súile an Tiarna, ba é mo Dhia mo neart. Agus anois tá an Tiarna tar éis labhairt, an té a dhealbhaigh mé ón mbroinn i leith i mo ghiolla dó, le go mbailínn Iacób ar ais chuige, le go gcruinnínn Iosrael le chéile dó: