Isaiah 5:24 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin mar loisgios an teine an connlach, agus mar loisgios an lasair an cáithleach, marsin bhías a bhfréumh mar lobhadh, agus rachaid a mblátha súas amhuil luáithreadh: do chionn gur theilgiodar úatha dligheadh TIGHEARNA na slógh, agus gur tharcuisnigheadar bríathar Aóin Náomhtha Israel.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar alpann na lasracha an coinleach agus mar a chailltear an cháith sa tine, is amhlaidh a bheidh a bhfréamh siúd ag dreo agus a shiabfar a bpéacán ar siúl ina dheannach, as siocair gur dhiúltaigh siad do reacht Thiarna na Slua agus gur chaith drochmheas ar bhriathar Neach Naofa Iosrael.