Isaiah 5:25 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uimesin atá fearg an TIGHEARNA ar naghnadh a naghaidh a phobail, agus do shín sé a lámh amach na naghaidh, agus do bhuail sé íad: agus do chriothnuigheadar na cnuic, agus do bhí a cconabluidhe réubtha annsna sráidibh. Ar a shon so uile níor iompoigh sé a fhearg dhíobh, acht atá a lámh sínte amach a ccomhnuidhe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Is é sin an fáth ar tháinig fearg ar an Tiarna lena phobal agus ar thóg sé a lámh lena mbascadh; tá na taoisigh marbh aige, agus a gcorpáin ina luí mar bheadh dramhaíl sna sráideanna. Ach níl a racht ligthe faoi ina dhiaidh sin, tá a lámh ag bagairt go fóill.