Isaiah 50:11 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Féuchuidh, a dhrong uile dheargus teine, noch chompasuigheas sibh féin timchioll lé drithlibh: siubhluighidh a solus bhur tteineadh, agus annsna drithlibh do dheargabhair. Do gheabhthaoi so as mo láimhsi; luidhfidhe síos a ndólás.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach sibhse uile, fadaíonn sibh tine, corraíonn sibh suas an ghríosach. Isteach libh i lasracha na tine sin agaibh agus sa ghríosach atá adhainte agaibh. Mo lámhsa a chaithfidh libh ar an dóigh sin, suífidh sibh fúibh i bpeannaid.