Isaiah 50:2 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uimesin, a nuáir tháinic misi, an raibh neach ar bith? a nuáir do ghoir mé, an raibh aoinneach do fhreagoradh? Nar giorruigheadh mo lámh ar áonchor, go nach bhféadann fúasgladh? nó nach bhfuil cumhachd ar bith sáortha agamsa? féuch, lém achmhusán tiormuighim súas a nfairge, do ním na srotha na bhfásach: bréanuidh a níasc, do dhíth uisge, agus éaguid do thart.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.