Isaiah 64:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Acht atámaóid uile amhuil neamhghlan, agus atáid ar nionnracus uile amhuil ceirteacha salcha; agus seargamaoid uile amhuil duilléog; agus rugadar ar bpeacuidh leó sinn cosmhuil ris an ngaóith.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha. Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga, dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.