Isaiah 65:22 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Acht ní thóigfid síadsan, agus neach oile dá áitreahh; ní plainndeochuid síad, agus neach oile dá ithe: óir amhuil atáid láethe crainn is marsin atáid láethe mo dhaóinesi, agus sealbhochuid mo thoghtha a bhfad oibreacha a lámh féin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní dhéanfaidh siad tógáil a bheidh mar áit chónaithe ag daoine eile; ní chuirfidh siad síol le go mbeidh daoine eile ag ithe. Óir tabharfaidh mo mhuintir saol fada leo ar nós saol na gcrann, agus is fada a bheidh mo dhaoine tofa ag baint leas as saothar a lámh.