Isaiah 66:3 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atá an té mharbhus damh amhuil do mhuirfeadh duine; an té ofrálas lubhán, amhuil agus do ghearrfadh muinéal madraidh; an té íodhbras tiodhlacadh, amhuil do thairgfeadh fuil mhuice; an té loisgeas túis, amhuil do bheinneochadh sé iodhal. A seadh, do thoghadar so a slighthe féin, agus dúilighid a nanmanna iona nadhfhúathmhaireachtuibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té a íobraíonn mart, agus a leagann duine mar an gcéanna, a mharaíonn uan agus a thachtann madadh, a ofrálann arbhar, agus a thoirbhríonn fuil mhuice, a dhónn túis mar chuimhneachán, agus a thugann ómós d' íola, tá a mbealach féin roghnaithe ag a leithéidí, agus dúil a n-anama ina gcuid gráiniúlachta.