Isaiah 9:1 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Thairis sin ní bhía an doille mar do bhí na buáidhreadh, a nuáir ar ttus do ghortuigh sé go héattrom tír Shebulun, agus fearann Naphtali, agus na dhiáigh sin do ghortuigh ní sa ghéire í ar shlighe na fairge, táobh thall do Iordan, a Ngalilee na ccineadhach.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
San am atá thart thug sé béim síos do thír Zabúlun agus do thír Naftáilí, ach san am atá ag teacht ardóidh sé bealach na farraige, an taobh thall den Iordáin, Gailíl na gciníocha. 23 An ea nach mbíonn gruamacht mar a mbíonn anbhuain?