Isaiah 9:17 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin ní gháirdeochuidh an TIGHEARNA iona nóganachaibh, agus ní dhéana truáighe da ndilleachduibh nó da mbaintreabhachaibh: óir is fúarchráibhtheach gach aonduine agus droichghniomhach, agus labhruidh gach aóinbhéul leimhe. Ar a shon so uile ní filltear a fhearg ar a hais, acht ata a lámh sínte amach a ccomhnuidhe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
16 Sin é an fáth nach dtabharfaidh an Tiarna anacal dá n-ógánaigh, ní bheidh trua aige dá ndílleachtaí ná dá mbaintreacha. Tá an pobal seo aindiaga ainbheartach ar fad, tá a gcaint seafóideach. Ach níl a fhearg síothlaithe, tá a lámh sínte amach i gcónaí.