James 1:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír amhuil sheargus an ghrían ar néirghe, an luibh ré teas, agus thuiteas a bláth, agus théid maise a faicseana ar gcúl: is amhluidh sin sheargfús an duine saidhbhir ann a shlighthibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir éirigheann an ghrian le teas dian‐loiscneach, agus seargann sí an féar, go dtuiteann a bhláth, agus go dtéigheann maise a dheallraimh i n‐éag: mar sin, is eadh, rachaidh an duine saidhbhir i n‐éag ’n‐a chúrsaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Éiríonn an ghrian agus feonn an féar le bruth a teasa; agus titeann a bhláth de agus cailleann a ghnúis a gnaoi. Is amhlaidh a chrionfaidh an fear saibhir ina shiúlta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Mar bíonn teas loiscneach sa ghrian nuair a éiríonn sí agus seargann sí an féar; titeann a bhláth agus téann a mhaise in éag. Sé an dála céanna ag an bhfear saibhir é, rachaidh sé in éag i lár a chúraimí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Mar bíonn teas loiscneach sa ghrian nuair a éiríonn sí agus seargann sí an féar; titeann a bhláth agus téann a mhaise in éag. Is é an dála céanna ag an bhfear saibhir é, rachaidh sé in éag i lár a chúraimí.