James 1:25 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd an tí fhéuchas go grinn ar reachd diongmhálta na saóirse, agus chomhnuigheas ann, do bhrígh nach fear éisdeachda dearmadach é, achd fear gníomha do dhéunamh, biáidh sé beannuighe ann a ghníomh féin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht an té dhearcas isteach san dlighe beacht, dlighe na saoirse, agus leanas ag dearcadh, gan bheith ’n‐a éistightheoir dearmadach, acht ’n‐a fhear gníomh do dhéanamh, beannóchar an duine sin ’n‐a ghníomh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach an té a fhéachas ar dhlí iomlán na saoirse, agus a leanas de go buan, gan bheith ina éisteoir dearmadach ach ina ghníomhaí déantas-ach, beidh beannacht air ina mbíonn á dhéanamh aige.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach an té a scrúdaíonn an dlí foirfe, dlí na saoirse, agus atá buanseasmhach, nach ndéanann dearmad ar an rud a chloiseann sé, ach a dhéanann beart, beidh sé sona ina chuid oibre.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach an té a scrúdaíonn an dlí foirfe, dlí na saoirse, agus atá buanseasmhach, nach ndéanann dearmad ar an rud a chloiseann sé, ach a dhéanann beart, beidh sé sona ina chuid oibre.