James 1:26 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Má atá aóinneach eadruibh lér cosmhuil bheith ríaghalta, agus nach ccuireann srían ré na thanguidh, achd bhíos ag mealladh a chroidhe féin, as diomhaóin ríaghail an tíse.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má mheasann aoinneach nach gcuireann srian le n‐a theangain, gur duine cráibhtheach é, acht bhíos ag mealladh a chroidhe féin, is cráibhtheacht gan brigh atá ag an duine sin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má mheasann aon duine go bhfuil sé cráifeach, agus gan srian aige lena theanga ach é á mhealladh féin ina chroí, is díomhaoin cráifeacht an duine úd.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an chreidimh; is fánach é a chleachtadh creidimh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an Chreidimh; is fánach é a chleachtadh Creidimh.