James 1:27 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ag so an ríaghail ghlan gan cháidhe a bhfíadnuise Dé agus a Nathar, Eadhon dul dféuchain na ndileachdadh agus na mbaintreabhach a nám a ríachdanuis, neach é féin do choimhéud gan cháidhe ón tsáoghal.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is í is fíor‐chráibhtheacht i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar, cuairt do thabhairt ar na dílleachtaibh agus ar na baintreabhachaibh i n‐am a n‐anró, agus gan leigint do’n tsaoghal a thruailliú féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is í an chráifeacht ghlan gan smál os comhair Dé an tAthair é seo: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha ina gcruachás agus tú féin a choinneáil gan smál ón saol.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Seo é fíorchleachtadh an Chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol tú féin a thruailliú.