James 2:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd, a déuruidh neach éigin, Atá creideamh agadsa, agus atáid oibreacha agumsa: taisbéinse dhámhsa do chreideamh a bhféugmuis hoibreacha, agus taisbéuneadsa mo chreidimh dhuitse as mhoibreachuibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht déarfaidh duine éigin, Atá creideamh agat‐sa, agus atá gníomhartha agam‐sa: taisbeán do chreideamh dhom i n‐éagmais do ghníomhartha, agus taisbeánfad‐sa mo chreideamh dhuit‐se lem’ ghníomhartháibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach tá an duine ann a déarfas, “Tá creideamh agat agus tá oibreacha agam.” Taispeáin dom do chreideamh in éagmais dʼoibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duit as mʼoibreacha.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach déarfaidh duine éigin: «Tá creideamh agatsa agus tá dea-oibreacha agamsa.» Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duitse trí mo dhea-oibreacha.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach déarfaidh duine éigin: “Tá creideamh agat-sa agus tá dea-oibreacha agam-sa.” Taispeáin dom do chreideamh in éagmais do dhea-oibreacha, agus taispeánfaidh mise mo chreideamh duit-se trí mo dhea-oibreacha.