James 2:19 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Creidigh tusa go bhfuil áon Ndía ann; as maith do ní tú sin: creidid na deamhuin féin mar an gcéudna, agus criothnuighid síad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Creideann tusa nach bhfuil acht aon Dia amháin ann; is maith do‐ghní tú; creideann na deamhain féin é, leis, agus bíonn baill‐chrith ortha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Creideann tú nach bhfuil ann ach Dia amháin; is maith mar a dhéanann tú é. Bíonn creideamh go fiú ag na deamhain agus creathnú orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Creideann tú gurb aon é Dia, agus is maith mar a dhéanann tú; ach creideann na deamhain chomh maith, agus bíonn siad ar crith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Creideann tú gurb aon é Dia, agus is maith mar a dhéanann tú; ach creideann na deamhain chomh maith, agus bíonn siad ar crith.