James 2:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd tugabhairse easonóir don bhochd. A né nach déunuid na sáidhbhir ro iomarcuigh oruibh, agus a né nach dtairrngid sibh chum breatheamhnuis?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht is amhlaidh thugabhar easonóir do’n duine bocht. Nach iad na daoine saidhbhre do‐gní leathtrom oraibh, agus nach iad féin tharraingeas isteach i dtigh na cúirte sibh?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad na daoine saibhre a imríos ansmacht oraibh, agus nach iad a bhíos do bhur sracadh isteach i gcúirt?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sibh-se ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iad-san a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?