James 2:8 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidheadh dá gcoimhlíona sibh an reachd ríogha do réir an sgriobtúir, Gradhuigh do chómharsa mar thú féin, as maith do ní sibh é:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht má chóimhlíonann sibh an dlighe ríoghdha do réir na scrioptúra, Grádhóchair do chómharsa mar thú féin, atá sibh ag déanamh go maith:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má tá an dlí ríoga de réir an scrioptúir, “Bíodh grá agat do do chomharsa mar a bhíos agat duit féin,” á chomh-líonadh agaibh, tá maith déanta agaibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má chomhlíonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: «Gráigh do chomharsa mar thú féin,» ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má chomh-líonann sibh an dlí ríoga de réir an scrioptúir: “Gráigh do chomharsa mar thú féin,” ansin más ea, tá sibh ag déanamh go maith.