James 2:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd má bhíonn féuchain do phearsuin seach a chéile aguibh, do ní sibh peacadh, agus éilighthear sibh ón réachd mar luchd sáruighe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht má thugann sibh meas do phearsain duine seachas a chéile, atá peacadh d’á dhéanamh agaibh, agus atá sibh daortha mar chionntaigh do réir an dlighe.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach má chlaonann sibh le taobh ar bith, tá peaca déanta agaibh, agus tá sibh ciontaithe ag an dlí mar choirpigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach má dhéanann sibh leathchuma, tá peaca á dhéanamh agaibh, agus tá sibh daortha mar choireacha ag an dlí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach má dhéanann sibh leathchuma, tá peaca dá dhéanamh agaibh, agus tá sibh daortha mar choirigh ag an dlí.