James 3:1 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dhearbhraithre, ná déunuidh iomad maighisdreachda, ar mbeíth a fheasa aguibh gur móide ar breatheamhnus ghlacfamaóid.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Ná bíodh mórchuid díbh ’n‐bhur lucht teagaisc, a bhráithre, agus a fhios agaibh gur troime‐de an breitheamhnas gheobhaimíd d’á bhárr.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, a bhráithre liom, ó tá a fhios agaibh gur troimide a thabharfar breithiúnas orainne, na teagascóirí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
A bhráithre liom, ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, mar tá a fhios agaibh go dtabharfar breith níos déine orainne.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
A bhráithre liom, ná bíodh mórán agaibh in bhur dteagascóirí, mar tá a fhios agaibh go dtabharfar breith níos déine orainne.