James 3:12 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An féidir a dhearbhráithre, do chrann fige, cáora chrainn ola thabhairt úadh? nó do chrann fíneamhna, fígighe? is amhluidh sin nach féidir do thiubruid ar bith uisge sáile agus fioruisge do thabhairt úadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
An bhféadann crann fige, a bhráithre, caora crainn ola do thabhairt, nó crann fineamhna figí do thabhairt? Ní fhéadann, agus ní mó fhéadas uisce guirt fíor‐uisce do thabhairt.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An féidir le crann fige ológa a thabhairt uaidh, nó an féidir le fíniúin figí a thabhairt uaithi? Ní mó is féidir le huisce goirt uisce milis a thabhairt uaidh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An féidir, a bhráithre liom, don chrann fígí ológa a iompar nó don fhíniúin fígí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíoruisce a iompar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An féidir, a bhráithre liom, don chrann figí ológa a iompar nó don fhíniúin figí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíor-uisce a iompar.